Cád iad foirmeacha na n-uachtanna a úsáidtear in Éirinn ?
Glactar le foirm singil den uacht, le huacht roimh finnéithe, agus é scríofa amach agus sínithe ag an tiomnóir i láthair beirt fhinnéithe. Mar an gcéanna is féidir leis an tiomnóir a mharc a chur ag bun na huachta in ionad é a shíniú.
An bhfuil aon chlár uachta ar fáil in Éirinn ?
Níl, níl aon chlár uachta ar fáil in Éirinn.
Conas a stóráíltear an uacht ?
Cuireann an tiomnóir an uacht i dtaisce pé áit inar mhian leis é (sa bhaile, in oifig an dlíodóra, sa bhanc, agus araile.).
Conas is féidir le duine teacht ar uacht gharghaolta ?
De cheal cláir, comhairlítear don tiomnóir é a chur in iúl do dhuine atá iontaofa go bhfuil uacht ar fáil agus ní foláir dó an áit ina bhfuil sí i dtaisce a chur in iúl dó comh maith.Ina éagmais sin, ní foláir dos na hoidhrí cuardach a dhéanamh i mbaile an duine éagtha, in oifig an dlíodóra, sa bhanc, agus araile.
Co-financé
par l´Union européenne